🎶
Táimse 'gus Máire
Myself and Máire (a song) · Munster (Corcaigh) · 0 frásaí
Amhrán traidisiúnta· A traditional song
By Seán Eoghain Ó Súilleabháin. A song in two voices - good for reading aloud and, if you like, singing.
Rann 1· Verse 1
Gaeilge
Táimse 'gus Máire go sásta inár n-aigne, Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe, Thug sise grá thar chairde 'gus fearaibh dhom, Thógas ar láimh í 's go brách brách ní scarfaimid.
Máire and I are very happy, since we were married at the holy altar. She gave me love over everyone else. I took her hand and we will never separate.
Gaeilge
Curfá: Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam, Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.
Chorus: I'll play my music, lilting away: Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.
Rann 2· Verse 2
Gaeilge
Tá mo theaghlach san áit is fearr ar an mbaile seo, I bpáirc an tsrutháin a sháraíonn seacht n-acra, Cruithneacht a' fás ann chomh hard leis na clathacha, 'S mé ag feitheamh don lá go bhfeicfidh mé aibidh í.
My family are in the best place in this village, in the field by the river over 7 acres. Wheat growing tall, and I'm waiting to see it mature.
Rann 3· Verse 3
Gaeilge
Tá torthaí ag fás im' gháirdín go slachtaithe, Úlla, spionáin agus cuiríní dearga. Siúcra i mála le ráithe go taiscithe Chun subh is misleáin don bhab is do bhanaltra.
There is fruit growing here with great vitality - apples, gooseberries and redcurrants. Sugar waiting safely in a bag, to make jam and sweets for the baby and nurse.
Rann 4· Verse 4
Gaeilge
'Sí mo chéile-se Máire an stáidbhean mhodhúil mhaisiúil, Í ag luascadh an chliabháin is an bhab ar a sheascaireacht. Stoca 'na láimh is na bioráin innti a' preabarnaigh, Í a' cniotáil is a' crónán don leanbhín.
My wife Máire is a modest, beautiful woman, swinging the baby in the crib contentedly. Needles bouncing, making socks, singing and knitting for the child.
Rann 5· Verse 5
Gaeilge
'Sé mo ghuí chun an Ard-Mhic a ghrásta do scaipeadh orainn, 'S go leanfaidh an t-ádh san gan ghátar gan easpa orainn 'S nuair a thiocfaidh lá an áirimh in áitreabh úd Jasapheth, Go dtóga Dia ar láimh sinn in airde go Parrathas.
My wish to the Heavens is to give us His Grace, that luck will follow us without want. When the day of judgement comes, that God will take us in his arms to Heaven.
✏️ Cleachtadh · Practice
Key words from the song
Tap an Irish word, then its English match.
✅ 0 / 6